20260404_IRISH__trump_ag_bagairt_an_iarain_a_chlochaoisiu_le_buamai cover art

20260404_IRISH__trump_ag_bagairt_an_iarain_a_chlochaoisiu_le_buamai

20260404_IRISH__trump_ag_bagairt_an_iarain_a_chlochaoisiu_le_buamai

Listen for free

View show details

Summary

Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2crqp59b Contact: irishlingos@gmail.com Trump threatens to bomb Iran. Trump ag bagairt an Iaráin a chlochaoisiú le buamaí. In a televised speech last night, US President Donald Trump claimed that American military forces in Iran had almost achieved all of their objectives. In óráid teilifíse a thug sé uaidh aréir, mhaígh Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go raibh a gcuid cuspóirí ar fad nach mór bainte amach ag fórsaí míleata Mheiriceá san Iaráin. Nevertheless, Trump said, the Americans will continue to bomb and destroy Iran until that country is “back in the stone age again”, as he put it. Ina dhiaidh sin féin, arsa Trump, leanfaidh na Meiriceánaigh orthu ag buamáil agus ag bánú na hIaráine nó go mbeidh an tír sin “ar ais sa chlochaois arís”, mar a dúirt sé. He indeed threatened that the bombing would intensify in the next two or three weeks. Bhagair sé go deimhin go ngéarófaí ar an mbuamáil as seo go ceann coicíse nó trí seachtaine. All that offensive rhetoric from Trump despite the fact that the American people – or at least a large portion of them – are sick and tired of his proclivity for war, if the latest polls are true. An rá mata oilbhéasach sin ar fad ó Trump in ainneoin bhunáite mhuintir Mheiriceá – nó cuid mhór díobh ar an gcuid is lú de – a bheith tinn tuirseach den luiteacht atá aige le cogaíocht, más fíor do na pobalbhreitheanna is deireanaí. A card game is Trump’s favorite game, apparently, or at least the one he talks about most often. Cluiche cártaí an tsamhail is ansa le Trump, de réir dealraimh, nó is minice óna bhéal ar chuma ar bith. “We have all the cards“, he said last night, “and none of them (the Iranians)”. “Is againne atá na cártaí uile“, a dúirt sé aréir, “agus gan oiread agus ceann acusan (na hIaránaigh)”. However, international markets have turned a blind eye to Trump’s remarks and have not respected his own ‘one Trump’, as Brent crude oil prices rose to $108.15 a barrel this morning – a 7% increase from yesterday. Ar a shon sin, is ‘súil na muice’ a chaith lucht na margaí idirnáisiúnta ar reacaireacht Trump agus gan meas ‘an aoin truif’ féin acu ar a ndúirt sé, arae dhaoirsigh amhola Brent go dtí $108.15 an bairille ar maidin inniu – ardú de 7 faoin gcéad ó inné. But like financiers, Taoiseach Micheál Martin has no respect for Trump’s negative rhetoric, especially what he said about re-stoning Iran with bombs. Ach an oiread le lucht airgeadais, níl aon mheas ag an Taoiseach Micheál Martin ar chaint dhíblí Trump, go háirithe a ndúirt sé faoin Iaráin a ath-chlochaoisiú le buamaí. “Such talk is unacceptable,” said the Taoiseach. Níl glacadh ar bith le caint mar é, arsa an Taoiseach. The Iranian people are not responsible for the war and must be protected (rather than vilified), he said. Níl muintir na hIaráine freagrach as an gcogadh agus caithfear iad a chosaint (seachas iad a dhealbhú), a dúirt sé. The Taoiseach also indicated that the Government was not considering rationing fuel in Ireland – at least not at this time – and said that our current fuel supplies were projected to last a month. Thug an Taoiseach le fios freisin nach raibh an Rialtas ag cuimhneamh ar bhreosla a chiondáil in Éirinn – ar ala na huaire seo ar aon chuma – agus dúirt go raibh teilgean míosa sna soláthairtí breosla atá againn faoi láthair. However, he assured that the Government would support those most at risk, hauliers and all other links in the food supply chain. Mar sin féin, dhearbhaigh sé go dtacódh an Rialtas le lucht an chaill is mó, tarlóirí agus gach aon saghas lúib eile sa slabhra soláthair bia. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
adbl_web_anon_alc_button_suppression_c
No reviews yet