Episodes

  • 20260411_IRISH__imhsuite,_scuaini,_tranglam_trachta_ar_an_4u_la_den_agoid_breosla
    Apr 11 2026
    Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/24yy296s Contact: irishlingos@gmail.com Blockades, queues, traffic jams on the 4th day of the fuel protest. Imhsuite, scuainí, tranglam tráchta ar an 4ú lá den agóid breosla. There are now fuel shortages in many places due to the blockades in place at fuel storage facilities in Limerick and Galway and at the Whitegate refinery in Cork, the only one in the State. Tá ganntananas breosla ina lán áiteanna anois de bharr an imshuí atá ar bun ag ionaid stórála breosla i Luimneach agus i nGaillimh agus ag scaglann an Gheata Bháin i gCorcaigh, an t-aon cheann sa Stát. Petrol station operators are predicting that 500 locations will be without any fuel tonight. Tá lucht na ngaráistí peitril ag tuar go mbeidh 500 ionad gan aon bhreosla anocht. This has already happened to hundreds of others, in the south and west. Tá sin tarlaithe cheana i gcás na gcéadta eile cheana, sa deisceart agus san iarthar. There is no shortage of fuel, but supplies are stagnant in storage facilities and in Whitegate. Níl aon ghantannas breosla ann, ach tá na soláthairtí i bhfastó sna hionaid stórála agus sa Gheata Bán. Because no fuel is being released from these, they have no capacity to accept any other cargo, which the Taoiseach referred to today when he said that we will have to ship oil cargoes at a time when the rest of the world is competing for them. De bharr nach bhfuil aon bhreosla á scaoileadh amach astu sin, níl aon acmhainn iontu glacadh le lastas ar bith eile, rud ar thagair an Taoiseach dó inniu á rá go mbeidh orainn lastais ola a chur ó dhoras tráth a bhfuil an cuid eile den domhain in iomaíocht faoina leithéid. An example of this is the Thun Gemini, a tanker anchored in Galway Bay with six million litres of oil on board, fuel that cannot be brought ashore at Galway port. Sampla de sin é an Thun Gemini, taincéir atá ar ancaire i gCuan na Gaillimhe agus sé mhilliún líotar ola ar bord aici, breosla nach féidir a thabhairt i dtír ag calafort na Gaillimhe. Although Dublin Port is accessible, traffic congestion throughout the city has caused significant delays in getting tankers to the garages in the East. Cé go bhfuil rochtain ar Chalafort Bhaile Átha Cliath, tá na hagóídí tráchta ar fud na hardchathrach ar cur an-mhoill ar taincéirí a thabhairt chuig na garáistí san Oirthear. And even if the blockade were to end tonight, it could be a week before supply is restored. Agus fiú dá dtiocfadh deireadh leis an imshuí anocht, d’fhéadfadh seachtain bheith ann sula gcuirfí an soláthar ar ais ina cheart. In Whitegate in Cork, there was a standoff between Gardaí and the blockaders for a while as they were escorting a third tanker into the refinery, but it ended shortly afterwards. Sa nGeata Bán i gCorcaigh, bhí sé ina leamhsháinn idir Ghardai agus lucht an imshuí ar feadh tamaill nuair a bhí an tríú taincéir á thionlacan isteach sa scaglann acu, ach scoir sí gan móran achair. This solution was set up for the purpose of providing emergency vehicles. Ar mhaithe le soláthar d’fheithiclí éigeandála a cuireadh an réiteach seo ar bun. Several lorries carrying animal supplies and water cleaning chemicals have been unloaded from Foynes Port on the Shannon Estuary, but no oil tankers are being unloaded yet. Tá roinnt leoraithe le soláthairtí d’ainmhithe agus ceimiceáin glanta uisce scaoilte amach as Calafort Fainge ar inbhear na Sionainne, ach níl aon taincéir ola á scaoileadh amach fós. But traffic conditions on many motorways and national roads are in disarray due to blockades by protesters. Ach tá cúrsaí tráchta ar go leor mótarbhealach agus bóithre náisiúnta in aimhréid de bharr imshuí ag an lucht agóíde. People can get an update. There are long queues on the M1 northbound due to that side of the road being closed at Dundalk. There are also long delays on the M50 southbound and northbound as protesters have blocked that major ring road. Is féidir le daoine uasdátú a fháil Tá scuainí fada ar an M1 ó thuaidh de bharr an taobh sin den bhóthar bheith dúnta ag Dún Dealgan Tá moill fhada freisin ar an M50 ó dheas agus ó thuaidh agus blocáil déanta ag agóídithe ar an cuarbhóthar mór sin. There are also some difficulties on the N7 southbound. Tá roinnt deacrachtaí ar an N7 ó dheas freisin. There are approximately 60 tractors, trucks and buses sitting on O’Connell Street in the capital but there is a flow of traffic on the north and south piers and the rest of the Luas is operating. Tá tuairim is 60 tarracóir, trucail agus bus ina suí ar Shráid Uí Chonaill san ardchathair ach tá sruth tráchta ar na céanna thuaidh agus theas agus tá an chuid eile den Luas ag feidmhniú. Dublin Bus has a limited service in the city centre but the company says passenger numbers are down on yesterday. Tá seirbhís theoranta ag Bus Átha Cliath i lár na cathrach ach deir an ...
    Show More Show Less
    15 mins
  • 20260406_IRISH__an_file_gabriel_rosenstock_basaithe
    Apr 7 2026
    Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/252unhu8 Contact: irishlingos@gmail.com Poet Gabriel Rosenstock has died. An file Gabriel Rosenstock básaithe. Poet and writer Gabriel Rosenstock has died at the age of 76. Tá an file agus scríbhneoir Gabriel Rosenstock tar éis bháis agus é 76 bliain d’aois. His family confirmed his death this evening in a statement about “an international poet who brought many of the world’s great writers to the attention of Irish language readers“. A chlann a dheimhnigh a bhás tráthnóna i ráiteas faoi “fhile idirnáisiúnta a chuir go leor de mhórscríbhneoirí na cruinne faoi shúile lucht léitheoireachta na Gaeilge”. He believed “in the power of poetry” they said “and in the ability of poetry to build bridges between cultures”. Chreid sé “i gcumhacht na filíochta” a dúirt siad “agus i gcumas na filíochta droichead a thógáil idir cultúir”. “He was a prolific and restless soul who published over 400 books.” “Anam torthúil agus corrach a bhí aige a d’fhoilsigh breis is 400 leabhar. We will miss him, all of us who knew him and read his writing. Aireoidh muid uainn é, iad siúd go léir a raibh aithne againn air agus a léigh a chuid scríbhneoireachta. “At the right hand of God, may his soul rest in peace.” Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.” Gabriel Rosenstock spoke for several weeks to the Irish Independent and Raidió na Gaeltachta – speaking with his broadcaster son Tristan on the programme “The Man Who Was Never Born” – about his cancer which had spread, the treatment which was no longer working and his acceptance before his death. Labhair Gabriel Rosenstock le roinnt seachtainí leis an Irish Independent agus le Raidió na Gaeltachta – ag caint lena mhac an craoltóir Tristan ar an gclár “An fear nár saolaíodh riamh” – faoin ailse a bhí air a bhí tar éis scaipeadh, faoin leigheas nach raibh ag feidhmiú a thuilleadh agus faoina nglacadh a bhí aige roimh an mbás. He was keeping a diary about his time with the illness and his attitude towards it. Bhí sé i mbun dialainne faoina thréimhse leis an tinneas agus a dhearcadh ina leith. He spoke courageously to Nuacht TG4 a few days before his death, looking back on his life and forward to eternity. Labhair sé go misniúil le Nuacht TG4 cúpla lá sular cailleadh é, ag breathnú siar ar a shaol agus chun cinn chun na síoraíochta. He was born in Kilfinane in Co. Limerick. I gCill Fhíonáin i gCo Luimnigh a rugadh é. His mother was a nurse from Athenry in Co. Galway, and his father was a doctor and writer from Germany. Altra as Baile Átha an Rí i gCo na Gaillimhe a bhí ina mháthair, agus dochtúir agus scríbhneoir as an nGearmáin a bhí ina athair. He first achieved fame at University College Cork, in the Innti group of poets, which also included Michael Davitt, Liam Ó Muirthile and Nuala Ní Dhomhnaill. I gColáiste na hOllscoile Corcaigh a bhain sé cáil amach ar dtús, sa ngrúpa filí Innti, ina raibh Michael Davitt, Liam Ó Muirthile agus Nuala Ní Dhomhnaill freisin. He was a member of Aosdána and a former Chairman of Poetry Ireland/Éigse Éireann. Ball d’Aosdána a bhí ann agus iarChathaoirleach ar Poetry Ireland/Éigse Éireann. He wrote poetry, drama, haiku, novels, essays and translated over 180 works. Thug sé faoin bhfilíocht, drámaíocht, haiku, úrscéalta, aistí agus aistriúchán ar bhreis is 180 saothar. He is survived by his wife Eithne and their children. Maireann a bhean Eithne agus a gclann. Gabriel Rosenstock in 2021 Gabriel Rosenstock i 2021
    Show More Show Less
    11 mins
  • 20260404_IRISH__trump_ag_bagairt_an_iarain_a_chlochaoisiu_le_buamai
    Apr 4 2026
    Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2crqp59b Contact: irishlingos@gmail.com Trump threatens to bomb Iran. Trump ag bagairt an Iaráin a chlochaoisiú le buamaí. In a televised speech last night, US President Donald Trump claimed that American military forces in Iran had almost achieved all of their objectives. In óráid teilifíse a thug sé uaidh aréir, mhaígh Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go raibh a gcuid cuspóirí ar fad nach mór bainte amach ag fórsaí míleata Mheiriceá san Iaráin. Nevertheless, Trump said, the Americans will continue to bomb and destroy Iran until that country is “back in the stone age again”, as he put it. Ina dhiaidh sin féin, arsa Trump, leanfaidh na Meiriceánaigh orthu ag buamáil agus ag bánú na hIaráine nó go mbeidh an tír sin “ar ais sa chlochaois arís”, mar a dúirt sé. He indeed threatened that the bombing would intensify in the next two or three weeks. Bhagair sé go deimhin go ngéarófaí ar an mbuamáil as seo go ceann coicíse nó trí seachtaine. All that offensive rhetoric from Trump despite the fact that the American people – or at least a large portion of them – are sick and tired of his proclivity for war, if the latest polls are true. An rá mata oilbhéasach sin ar fad ó Trump in ainneoin bhunáite mhuintir Mheiriceá – nó cuid mhór díobh ar an gcuid is lú de – a bheith tinn tuirseach den luiteacht atá aige le cogaíocht, más fíor do na pobalbhreitheanna is deireanaí. A card game is Trump’s favorite game, apparently, or at least the one he talks about most often. Cluiche cártaí an tsamhail is ansa le Trump, de réir dealraimh, nó is minice óna bhéal ar chuma ar bith. “We have all the cards“, he said last night, “and none of them (the Iranians)”. “Is againne atá na cártaí uile“, a dúirt sé aréir, “agus gan oiread agus ceann acusan (na hIaránaigh)”. However, international markets have turned a blind eye to Trump’s remarks and have not respected his own ‘one Trump’, as Brent crude oil prices rose to $108.15 a barrel this morning – a 7% increase from yesterday. Ar a shon sin, is ‘súil na muice’ a chaith lucht na margaí idirnáisiúnta ar reacaireacht Trump agus gan meas ‘an aoin truif’ féin acu ar a ndúirt sé, arae dhaoirsigh amhola Brent go dtí $108.15 an bairille ar maidin inniu – ardú de 7 faoin gcéad ó inné. But like financiers, Taoiseach Micheál Martin has no respect for Trump’s negative rhetoric, especially what he said about re-stoning Iran with bombs. Ach an oiread le lucht airgeadais, níl aon mheas ag an Taoiseach Micheál Martin ar chaint dhíblí Trump, go háirithe a ndúirt sé faoin Iaráin a ath-chlochaoisiú le buamaí. “Such talk is unacceptable,” said the Taoiseach. Níl glacadh ar bith le caint mar é, arsa an Taoiseach. The Iranian people are not responsible for the war and must be protected (rather than vilified), he said. Níl muintir na hIaráine freagrach as an gcogadh agus caithfear iad a chosaint (seachas iad a dhealbhú), a dúirt sé. The Taoiseach also indicated that the Government was not considering rationing fuel in Ireland – at least not at this time – and said that our current fuel supplies were projected to last a month. Thug an Taoiseach le fios freisin nach raibh an Rialtas ag cuimhneamh ar bhreosla a chiondáil in Éirinn – ar ala na huaire seo ar aon chuma – agus dúirt go raibh teilgean míosa sna soláthairtí breosla atá againn faoi láthair. However, he assured that the Government would support those most at risk, hauliers and all other links in the food supply chain. Mar sin féin, dhearbhaigh sé go dtacódh an Rialtas le lucht an chaill is mó, tarlóirí agus gach aon saghas lúib eile sa slabhra soláthair bia. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Show More Show Less
    11 mins
  • 20260317_IRISH__an_iarain_a_slacairt_an_athuair_ag_forsai_iosrael
    Mar 17 2026
    Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27q6mz22 Contact: irishlingos@gmail.com Iran is being crushed again by Israeli forces. An Iaráin á slacairt an athuair ag fórsaí Iosrael. Israeli military forces are clearly not resting on their laurels, as they are carrying out another massive raid this morning on the Iranian capital, Tehran, after suffocating the place overnight. Níl suí ná foras ar fhórsaí míleata Iosrael, is léir, agus iad ag tabhairt ollruathair arís ar maidin ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran, tar éis dóibh an áit a shlacairt i gcaitheamh na hoíche. There is no word yet on the dead but it is assumed that scores of them are there. Níl aon chaint fós ar na mairbh ach glactar leis go bhfuil na scórtha acu ann. Two other cities – Shiraz in southern Iran and Tabriz in the northwest – have also been bombarded by the Israelis since morning. Dhá chathair eile – Shiraz i ndeisceart na hIaráine agus Tabriz san iarthuaisceart – tá siad á dtuairgneáil ag na hIosraelaigh ó mhaidin chomh maith. It is not a time of neglect or delay for the Israelis in Lebanon either, and it is reported that they are once again bombing villages in the south of that country. Ní tráth faillí ná moille ag na hIosraelaigh é sa Liobáin ach an oiread, agus tuairiscítear go bhfuil sráidbhailte i ndeisceart na tíre sin á mbuamáil acu arís. The Israeli army says it is also fighting Hezbollah on the ground. Deir arm Iosrael go bhfuil siad ag dul i ngleic le Hezbollah ar an talamh freisin. It appears that Iranian military forces fired an explosive drone at Dubai airport this morning, hitting a large fuel tank. Is cosúil gur scaoil fórsaí míleata na hIaráine drón pléascach le haerfort Dubai ar maidin agus gur buaileadh mórumar breosla ann. Smoke is rising from the tank but it doesn’t appear to be affecting flights at the airport much. Tá deatach ag éirí as an umar ach dealraíonn sé nach bhfuil sé ag cur isteach mórán ar eitiltí san aerfort. Military authorities in the United Arab Emirates say they have been diverting or shooting down dozens of Iranian drones since morning. Deir na húdaráis mhíleata in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha go bhfuil na scórtha drón ón Iaráin á gcur malairt riain acu nó á séideadh san aer acu ó mhaidin. Not to mention the destruction and killing, the economic toll of unrest is affecting countries around the world, including, what else, the countries that are waging war on Iran. Gan trácht ar an scrios agus an marú, tá deasca eacnamaíochta na corraíola ag cur isteach ar thíortha an domhain, lena n-áirítear, cad eile, na tíortha atá ag cur an chogaidh ar an Iaráin. The most pressing issue for them at the moment is the unhindered passage of oil and gas tankers through the Strait of Hamuz in southern Iran, while the Iranians still have some control over that neck of water. Tancaeir ola agus gáis a sheoladh saor ó bhuaireamh trí Chaolas Hamuz i ndeisceart na hIaráine is mó atá ag déanamh scime dóibh i láthair na huaire agus smacht áirithe go fóill ag na hIaránaigh ar an muinceann uisce sin. The European Union’s foreign affairs and security chief, Kaja Kallas of Estonia, indicated that EU naval ships might be sent to the region to pressure the Iranians to allow fuel tankers through. Ceannasaí gnóthaí eachtracha agus slándála an Aontais Eorpaigh, Kaja Kallas as an Eastóin, thug sí le fios go mb’fhéidir go seolfaí longa cabhlaigh ón Aontas chuig an réigiún chun brú a chur ar na hIaránaigh tancaeir bhreosla a ligean tríd. It seems that Denmark is in favor of that. Dealraíonn sé go bhfuil an Danmhairg ina fhabhar sin. Yes, and Britain – a former member state – but Germany is adamant about it. Tá, agus an Bhreatain – iar–bhallstát – ach tá an Ghearmáin patuar ina leith. The foreign ministers of the member states will discuss the matter today, Kallas said. Pléifidh airí gnóthaí eachtracha na mballstát an scéal inniu, a dúirt Kallas. It is unclear what exactly the European naval ships would do in that part of the Persian Gulf, but British Prime Minister Keir Starmer suggested that a threatening nod to the Iranians might be enough. Níl sé soiléir cad go baileach a dhéanfadh na longa cabhlaigh ón Eoraip sa chuid sin de Mhurascaill na Peirse ach thug Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer le tuiscint go mb’fhéidir go mba leor nod bagrach do na heolaigh san Iaráin. All this in light of demands from US President Donald Trump that other countries come to the aid of the Americans in the Strait of Hormuz to ensure that tankers are allowed to enter and exit again. É sin ar fad i bhfianaise éileamh ó Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go dtiocfadh tíortha eile i gcabhair ar na Meiriceánaigh i gCaolas Hormuz chun a chinntiú go mbeadh cead isteach ann agus cead amach as an athuair ag tancaeir. It is through this strait that a fifth of the ...
    Show More Show Less
    16 mins
  • 20260305_IRISH__an_liobain_agus_an_iarain_a_dtuairgneail_tuilleadh
    Mar 5 2026
    Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/28u74oax Contact: irishlingos@gmail.com Lebanon and Iran are being further threatened. An Liobáin agus an Iaráin á dtuairgneáil tuilleadh. Israeli military forces are reportedly carrying out a massive raid on Iranian infrastructure again today, for the fifth day in a row. Tuairiscítear go bhfuil ruathar ollmhór á thabhairt ag fórsaí míleata Iosrael ar bhonneagar na hIaráine arís inniu, an cúigiú lá as a chéile. In a statement, the Israelis claimed that their bombs were aimed at Iranian military infrastructure – including missile launch sites and air defense systems – but made no mention of the civilian infrastructure they were also targeting. I ráiteas, mhaigh na hIosraelaigh gur ar bhonneagar míleata na hIaráine atá a gcuid buamaí dírithe – lena n-áirítear ionaid lainseála diúracán agus córais chosanta aeir – ach níl aon lua ar an mbonneagar sibhialta atá á rúscadh acu freisin. This is the case in Lebanon, where Israeli missiles destroyed a hotel in the capital, Beirut, and residential buildings in the Lebanon Valley in the east of the country. Is amhlaidh atá an scéal sa Liobáin, mar ar scrios diúracáin na nIosraelach óstán sa phríomhchathair, Béiriút, agus árais chónaithe i nGleann na Liobáine in oirthear na tíre. Several people are reported to have been killed in those two attacks, it was not said how many. Tuairiscítear roinnt daoine a bheith maraithe sa dá ionsaí sin, ní dúradh cé mhéad. The Israeli army has ordered the population of sixteen villages in southern Lebanon to gather because, they say, they will soon begin bombarding those areas. Tá ordú tugtha ag arm Iosrael don phobal i sé shráidbhaile dhéag i ndeisceart na Liobáine bailiú leo mar gur gearr, a deir siad, go dtósóidh siad ag tuairgneáil na n-áiteanna sin. The Israelis say they are wreaking havoc there in order to suppress Hezbollah, an organization supported by Iran. Is le dúil Hezbollah, eagraíocht a dtacaíonn an Iaráin leis, a chur faoi chois a deir na hIosraelaigh atá siad ag déanamh lot tíre ann. Hezbollah has been firing rockets into northern Israel for several days. Tá Hezbollah ag scaoileadh roicéad uathu le tuaisceart Iosrael le roinnt laethanta. Irish soldiers are among the international troops on peacekeeping duty with the United Nations in southern Lebanon. Tá saighdiúirí na hÉireann i measc na saighdiúirí idirnáisiúnta atá ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontaithe i ndeisceart na Liobáine. As with Iran, the commander of American forces in the Middle East is boasting about how well his soldiers – 50,000 of them – are carrying out orders. Mar leis an Iaráin, tá ceannasaí fhórsaí Mheiriceá sa Mhéanoirthear ag déanamh gaisce faoina fheabhas atá a chuid saighdiúirí – 50,000 acu – ag cur orduithe i bhfeidhm. Admiral Brad Cooper claimed that Iran’s military capability is being gradually depleted and that American combat capabilities in the region are growing stronger. Mhaígh an tAimiréal Brad Cooper go bhfuil cumas míleata na hIaráine á spíonadh diaidh ar ndiaidh agus gur ag dul i neart atá cumas comhraic na Meiriceánach sa réigiún. More soldiers and equipment are on the way, he said. Tá tuilleadh saighdiúirí agus trealaimh ar an mbealach, a dúirt sé. Iran’s air defense systems are on the verge of being destroyed, the admiral said, and the country’s navy has been unable to put a single ship to sea since seventeen of its vessels were sunk in four days. Tá córais chosanta aeir na hIaráine i ndáil le bheith scriosta, arsa an tAimiréal, agus níl cabhlach na tíre in ann aon long a chur faoi sheol ó cuireadh seacht soitheach déag dá gcuid go tóin le ceithre lá. Regarding the people being killed by the bombs, not much is being said. I dtaca leis na daoine atá á gcur den saol ag na buamaí, níl mórán á rá. Authorities in Iran said yesterday that 787 people have been killed since Saturday, including 165 schoolgirls. Dúirt na húdaráis san Iaráin inné gur maraíodh 787 duine ón Satharn, 165 cailín scoile ina measc. The Iranians are continuing their own bombing of neighboring countries, Arab countries where the Americans have large military bases and where thousands of Irish citizens live. Tá na hIaránaigh ag leanúint den bhuamáil atá siad féin a dhéanamh ar thíortha comharsanachta, tíortha Arabacha a bhfuil bunáiteanna móra míleata ag na Meiriceánaigh iontu agus ina bhfuil na mílte saoránach de chuid na hÉireann ina gcónaí. RTÉ News and Current Affairs The aftermath of the bombing in the Lebanese capital, Beirut, 4 March 2026 Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ Iarmhairt na buamála i bpríomhchathair na Liobáine, Béiriút, 4 Márta 2026
    Show More Show Less
    14 mins
  • 20260210_IRISH__athruithe_ar_mheasunu_cainte_ag_priomhoidi_scoileanna_speisialta
    Feb 22 2026



    Original Podcast with clickable words

    https://tinyurl.com/27qnu3dt

    Contact: irishlingos@gmail.com

    Changes to critical assessment by special school principals.

    Athruithe ar mheasúnú cáinte ag príomhoidí scoileanna speisialta.

    The Government’s decision to remove the requirement that a child must have a formal diagnosis of a specific disability to be enrolled in a special school has been criticised by principals of those schools.

    cinneadh an Rialtais fáil réidh leis an riachtanas a bhíodh ann go mbeadh diagnóis fhoirmeálta de mhíchumas ar leith ag gasúr le clárú i scoil speisialta cáinte ag príomhoidí ar na scoileanna sin.

    The National Association of Special School Principals (NASSP) says a crucial part of the registration process has been sidelined and will undermine schools’ professional judgement on the appropriate placement and the most favourable learning outcomes for students.

    Deir Cumann na bPríomhoidí Scoileanna Speisialta (an NASSP) go bhfuil mír chinniúnach den phróiseas clárúcháin curtha go leataobh agus go ndéanfar dochar de bhreith ghairmiúil scoileanna ar an socrúchán cuí agus na torthaí foghlamtha is fabhraí do dhaltaí.

    The new regime was announced in December by the Minister for Children, Disability and Equality, Norma Foley.

    Mí na Nollag a d’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais Norma Foley an réimeas nua.

    The Minister said at the time that the Department was making the amendment to ensure that a child would have the support they needed, and to reduce the time spent on assessment.

    Dúirt an tAire ag an am gur chun a chinntiú go mbeadh an tacaíocht atá ag teastáil ó ghasúr, agus chun an t-am a chaitear ar mheasúnú a laghdú, a bhí an leasú á dhéanamh ag an Roinn.

    But the Principals’ Association says the decision was announced without consulting special schools at all.

    Ach deir Cumann na bPríomhoidí gur fógraíodh an cinneadh gan a ghabháil i gcomhairle in aon chor le scoileanna speisialta.

    NASSP Co-Chair Matt Swain says that “the capacity of special schools to plan and provide for and care for vulnerable children has been undermined.”

    Deir ComhChathaoirleach an NASSP Matt Swain go bhfuil “an bonn bainte de chumas scoileanna speisialta tabhairt faoi phleanáil agus soláthar agus cúram pháistí leochaileacha.

    “A professional report on a child’s ability is essential evidence to ensure that a student is placed in the most appropriate school setting.”

    Is bun-fhianaise í tuarascáil ghairimiúil ar chumas páiste le cinntiú go socraítear dalta san suíomh scolaíochta is oiriúnaigh.”

    The Association says that schools may now have to accept students without the school fully understanding the student’s diagnosis, developmental profile, or support needs, which would increase the risk of inappropriate placement.

    Deir an Cumann go mb’fhéidir go mbeadh ar scoileanna glacadh anois le daltaí gan tuiscint iomlán ag an scoil ar dhiagnóis, ná próifíl forbartha, ná riachtanais tacaíochta an dalta, rud a chuirfeadh leis an mbaol go ndéanfaí socrúchán míchuí.

    They say it would also disrupt team planning, resource allocation and personalized learning programs, and that the provision of education for all students could be disrupted.

    Chuirfí as freisin a deir siad do phleanáil foirne, dáileadh acmhainní agus cláir foghlamtha pearsantaithe, agus go mb’fhéidir go gcuirfí as don soláthar oideachais do gach dalta.

    Principals are also concerned that it will not be possible to ensure a safe learning environment, especially with the amount of pressure on teaching staff.

    Tá imní ar phríomhoidí freisin nach mbeifear inann láthair shábháilte foghlamtha a chinntiú, go háirid agus an oiread brú mar atá ar an bhfoireann teagaisc.

    They are urging the Department of Education to work with school management and leadership to come up with a better strategy.

    Tá siad ag impí ar an Roinn Oideachais gníomhú i gcuideachta le bainistíocht agus cinnireacht na scoileanna le theacht ar straitéis níos fearr.

    Show More Show Less
    11 mins
  • 20260209_IRISH__athruithe_ar_mheasunu_cainte_ag_priomhoidi_scoileanna_speisialta
    Feb 9 2026



    Original Podcast with clickable words

    https://tinyurl.com/227xqtjg

    Contact: irishlingos@gmail.com

    Changes to critical assessment by special school principals.

    Athruithe ar mheasúnú cáinte ag príomhoidí scoileanna speisialta.

    The Government’s decision to remove the requirement that a child must have a formal diagnosis of a specific disability to be enrolled in a special school has been criticised by principals of those schools.

    cinneadh an Rialtais fáil réidh leis an riachtanas a bhíodh ann go mbeadh diagnóis fhoirmeálta de mhíchumas ar leith ag gasúr le clárú i scoil speisialta cáinte ag príomhoidí ar na scoileanna sin.

    The National Association of Special School Principals (NASSP) says a crucial part of the registration process has been sidelined and will undermine schools’ professional judgement on the appropriate placement and the most favourable learning outcomes for students.

    Deir Cumann na bPríomhoidí Scoileanna Speisialta (an NASSP) go bhfuil mír chinniúnach den phróiseas clárúcháin curtha go leataobh agus go ndéanfar dochar de bhreith ghairmiúil scoileanna ar an socrúchán cuí agus na torthaí foghlamtha is fabhraí do dhaltaí.

    The new regime was announced in December by the Minister for Children, Disability and Equality, Norma Foley.

    Mí na Nollag a d’fhógair an tAire Leanaí, Míchumais agus Comhionannais Norma Foley an réimeas nua.

    The Minister said at the time that the Department was making the amendment to ensure that a child would have the support they needed, and to reduce the time spent on assessment.

    Dúirt an tAire ag an am gur chun a chinntiú go mbeadh an tacaíocht atá ag teastáil ó ghasúr, agus chun an t-am a chaitear ar mheasúnú a laghdú, a bhí an leasú á dhéanamh ag an Roinn.

    But the Principals’ Association says the decision was announced without consulting special schools at all.

    Ach deir Cumann na bPríomhoidí gur fógraíodh an cinneadh gan a ghabháil i gcomhairle in aon chor le scoileanna speisialta.

    NASSP Co-Chair Matt Swain says that “the capacity of special schools to plan and provide for and care for vulnerable children has been undermined.”

    Deir ComhChathaoirleach an NASSP Matt Swain go bhfuil “an bonn bainte de chumas scoileanna speisialta tabhairt faoi phleanáil agus soláthar agus cúram pháistí leochaileacha.

    “A professional report on a child’s ability is essential evidence to ensure that a student is placed in the most appropriate school setting.”

    Is bun-fhianaise í tuarascáil ghairimiúil ar chumas páiste le cinntiú go socraítear dalta san suíomh scolaíochta is oiriúnaigh.”

    The Association says that schools may now have to accept students without the school fully understanding the student’s diagnosis, developmental profile, or support needs, which would increase the risk of inappropriate placement.

    Deir an Cumann go mb’fhéidir go mbeadh ar scoileanna glacadh anois le daltaí gan tuiscint iomlán ag an scoil ar dhiagnóis, ná próifíl forbartha, ná riachtanais tacaíochta an dalta, rud a chuirfeadh leis an mbaol go ndéanfaí socrúchán míchuí.

    They say it would also disrupt team planning, resource allocation and personalized learning programs, and that the provision of education for all students could be disrupted.

    Chuirfí as freisin a deir siad do phleanáil foirne, dáileadh acmhainní agus cláir foghlamtha pearsantaithe, agus go mb’fhéidir go gcuirfí as don soláthar oideachais do gach dalta.

    Principals are also concerned that it will not be possible to ensure a safe learning environment, especially with the amount of pressure on teaching staff.

    Tá imní ar phríomhoidí freisin nach mbeifear inann láthair shábháilte foghlamtha a chinntiú, go háirid agus an oiread brú mar atá ar an bhfoireann teagaisc.

    They are urging the Department of Education to work with school management and leadership to come up with a better strategy.

    Tá siad ag impí ar an Roinn Oideachais gníomhú i gcuideachta le bainistíocht agus cinnireacht na scoileanna le theacht ar straitéis níos fearr.

    Show More Show Less
    11 mins
  • 20260204_IRISH__folaireamh_oraiste_agus_baisteach_throm_geallta_aris_san_oirthear
    Feb 4 2026



    Original Podcast with clickable words

    https://tinyurl.com/24dj2bpp

    Contact: irishlingos@gmail.com

    Orange Alert and heavy rain promised again in the East.

    Foláireamh Oráiste agus báisteach throm geallta arís san Oirthear.

    An Orange Warning has been issued and heavy rain is expected again tomorrow in Waterford and Wicklow, with the Met Office saying that there is a high risk of frost again in those two counties.

    Tá Foláireamh Oráiste fógartha agus báisteach throm geallta arís amárach i bPort Láirge agus i gCill Mhantáin, agus Oifig na hAimisre ag rá go bhfuil contúirt mhór fuarlaigh an athuair sa dá chontae sin.

    The storm is expected to last for 24 hours from 3 o’clock tonight, Wednesday night, until 3 o’clock in the morning on Thursday night.

    Ón 3 a chlog anocht, oíche Dé Céadaoin, atá an doineann geallta agus mairfidh an foláireamh ar feadh 24 uair a chloig, go dtí an 3 ar maidin san oíche Déardaoin.

    A Yellow Alert has also been issued, for the same period of time, in Dublin, Kildare, Carlow, Kilkenny, Laois and Louth, Wexford, Monaghan and Tipperary.

    Foláireamh Buí fógartha freisin, an tréimhse chéanna ama, i mBaile Átha Cliath, Cill Dara, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Laois agus Lú, Loch Garman, Muineachán agus Tiobraid Árann.

    Met Éireann says that the soft ground has been soaked by the rain it has shed on the east coast over the past 10 days and as a result there are cold spots in rivers and widespread flooding will occur again.

    Deir Met Éireann go bhfuil an talamh bog báite leis an mbáisteach atá caite aige ar an gcósta thoir le 10 lá anuas agus dá bharr sin go bhfuil fuarlaigh in aibhneacha agus go mbeidh tuillte go forleathan arís.

    Wexford County Council has warned drivers to be vigilant as many roads are still under water, including roads that would not be expected to be affected by flash floods.

    Tá fainic curtha ag Comhairle Chontae Loch Garman ar thiománaithe a bheith san airdeall mar go bhfuil bóithre go leor fós faoi uisce, bóithre ina measc nach mbeadh súil leo a bheith buailte ag fuarlaigh.

    The Council says there will be delays in the stormwater runoff, particularly along the coast, as drainage systems in the region are already overflowing, and due to the high tide.

    Beidh moill ar an uisce trámh a deir an Chomhairle, go háirid cois cósta, mar go bhfuil córais draenála sa réigiún ag gabháil thar maoil mar atá, agus mar gheall ar an taoide ard.

    We have a storm, the Great St. Brigid’s Storm, from now until the end of the week, and it won’t help that strong currents and high winds are promised.

    rabharta linn, Rabharta Mór na Féile Bríde, as seo go deireadh na seachtaine, agus ní chuideoidh ach an oiread go bhfuil sruth láidir agus gaoth mhór geallta.

    Show More Show Less
    8 mins