Seachtain cover art

Seachtain

Seachtain

By: Irish Independent
Listen for free

Summary

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.

2026 Irish Independent
Politics & Government
Episodes
  • Dúnmharú Natalie McNally: Fiosrúchán na gcor is na gcastaí
    May 14 2026

    Maraíodh Natalie McNally, bean sna luath-tríochaidí, i mbéal na Nollag 2022, agus í trí ar pháiste.

    ­

    Ciontaíodh a iar-pháirtí, Stephen McCullough, le déanaí as an dúnmharú ina dhiaidh dó iarracht a dhéanamh na póilíní a chur ar strae le linn an fhiosrúcháin.

    ­

    Chruthaigh sé bréag-ailibí dó féin. Maígh sé go raibh sé ag ‘beoshruthú’ ar Youtube ar feadh sé uair a chloig an oíche a dúnmharaíodh Natalie.

    ­

    Chomh maith leis sin, rinne sé tréaniarracht an milleán a chur ar iarpháirtí eile de chuid Natalie.

    ­

    Mar sin, cén dóigh ar tháinig na póilíní ar an fhírinne?

    ­

    Agus cad é atá i ndán anois do McCullough?

    ­

    Ar Seachtain, labhair Ciarán Dunbar le Tessa Fleming faoin fhiosrúchán, faoin chas cúirte agus faoi McCullough – iar-chomhghleacaí dá chuid.

    ­

    ­

    Foclóir:

    ­

    Gean: Affection

    ­

    Torrach: Pregnant

    ­

    Idir dhá comhairle: Unsure or to be on the fence

    ­

    Is léir: it is obvious

    ­

    Tacht: Choke

    ­

    Sádh í: She was stabbed

    ­

    Dúnorgain: Manslaughter

    ­

    An rud is míofaire: The most hideous thing

    ­

    Otharcharr: Ambulance

    ­

    Gabh: Arrest

    ­

    Dodhéanta: Impossible

    ­

    Aisteach: Strange

    ­

    D'ainneoin: Despite

    ­

    Bleachtaire: Detective

    ­

    Bhí an t-ádh dearg air: He was very lucky

    ­

    Comhghleacaí: Colleague

    ­

    De réir a chéile: Bit by bit

    ­

    Miotógaí: Gloves

    ­

    Stócach: Boyfriend

    ­

    Mar sin féin: However

    ­

    Go teoiriciúil: Theoretically

    ­

    Machnamh: Consideration

    ­

    Aiféala: Regret


    Is ball den Trust Project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    28 mins
  • Gráinne McElwain: From múinteoir meánscoile to media guru
    May 7 2026

    Tá blianta fada caite ag Gráinne McElwain os comhair an cheamara mar láithreoir.


    D’fhág sí an mhúinteoireacht meánscoile agus í go fóill sna luath-fichidí chun gairm bheatha a chruthú di féin mar thuairisceoir agus mar láithreoir in earnáil an spóirt.


    Ó shin i leith, d’oibrigh sí ag na hócáidí spóirt is mó leis na cainéil mhóra, ar nós RTÉ, BBC, Sky Sports, GAA Beo agus TG4.


    Tá a ceird forbartha go paiteanta aici agus an-taithí go deo aici a bheith ag cur faoi agallamh imreoirí, bainisteoirí agus tráchtairí spóirt.


    Ach ní earnáil éasca í na meáin in aon chor, agus is minic go mbíonn níos mó ama caite ar an bhóthar ag taistil ná os comhair an cheamara.


    Mar sin de, cad iad na buaicphointe agus an crá croí is mó a bhaineann leis an saol seo, saite sa spóirt?


    Agus i dtaca leis an láithriú de agus maidir lena a bheith ag caint go poiblí, cad iad na do’s and don’ts atá le foghlaim?


    Ar Seachtain, labhraíonn Tessa Fleming leis an láithreoir spóirt Gráinne McElwain faoina saol oibre agus faoina togra úr ‘Own My Stage’.



    Foclóir:


    Togra: Project


    Seomra foirne: Staff room


    Nathanna cainte: Phrases or sayings


    Earnáil: Sector


    Caint phoiblí: Public speaking


    Táithí: Experience


    Fuinneamh: Energy


    Aitheantas: Recognition


    Aiseolas: Feedback


    Bua na cainte: The gift of the gab


    Eiseamláir: Role model


    Imní: Nervousness or anxiety


    Fánach: Random


    Scáthán: Mirror


    Teachtaireacht: Message


    Caighdeán: Standard


    Meáchan: Weight

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    22 mins
  • 1926 Census: ‘1% de phobal na tíre a líon i nGaeilge é - mo mhuintir ina measc’
    Apr 30 2026

    Ba é Daonáireamh 1926 an chéad daonáireamh a rinneadh tar éis bhunú an Stáit.


    Beagnach céad bliain tar éis dó a bheith curtha i gcrích, tá fáil againn anois ar an eolas pearsanta a líonadh isteach ar na foirmeacha sin.


    Rinneadh tuairisciú ar bheagnach trí mhilliún duine sa daonáireamh sin agus tugann sé léargas fíorluachmhar dúinn ar shaol mhuintir na hÉireann mar a bhí sa bhliain 1926.


    Tá cuid mhór againn anois ag tumadh isteach sa chartlann agus suim againn níos mó a fháil amach faoinár gceantar féin agus faoi na daoine a tháinig romhainn.


    Sa sraith teilifíse nua, ‘Come to your Census’, chuaigh seisear ar thuras pearsanta chun iniúchadh a dhéanamh ar a gcuid gaolta féin atá luaite sna cáipéisí.


    Duine acu siúd ná an láithreoir raidió Gormfhlaith Ní Thuairisg, agus í ag rianú a sinsear féin agus scéalta a pobail.


    Labhair Gormfhlaith ar Seachtain faoi na scealta a tháinig chun solais ar a haistear agus an dóigh a ndeachaigh sé i bhfeidhm uirthi.


    Foclóir:


    Múnlaigh: Shape

    Ag brath ar: Depending on

    Eisimirice: Emmigration

    Éagóir agus leatrom: Injustice and opression

    Gannchuid: Scarcity

    Racht mothúcháin: Fit of emotion

    Chuaigh sé i gcion orm: It really hit home

    Drogall: Reluctant

    I gcaitheamh móige: Throughout my childhood

    Ní laghdaíonn sé sin: That doesn’t take away from

    Cosc: Prevent

    Leigheas: Remedy

    Comhbhá: Empathy

    Cruatan: Hardship

    Domhain: Deep

    Airigh: To feel

    Níor chuimhnigh mé: I didn’t consider

    Tochailt: Digging

    Cladach: Coast/Shoreline


    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    23 mins
adbl_web_anon_alc_button_suppression_c
No reviews yet