• ‘Tortured, jailed, forgotten’: Robáil traenach Sallins 50 bliana ar aghaidh
    Apr 1 2026

    I 1976, tharla robáil traenach a mhairfeas i gcuimhne na ndaoine go deo.


    I lár na hoíche, ar an 30ú Márta, thaistil seachtar déag ó Bhaile Átha Cliath go Contae Cill Dara, i gcarr a bhí fuadaithe, chuig trasnú traenach bheag fada amuigh faoin tuath.


    Ag a haon a chloig ar maidin, chuaigh ceathrar acu chuig teach feirme díreach i aice leis an líne iarnróid agus chnag siad ar an doras, ag ligin orthu gur Gardaí a ba iad.


    Is ansin a choinnigh siad bean, fear agus triúr páiste dá gcuid faoi bhéal gunna.


    Dhá uair a chloig níos déanaí, bhí traen poist ar an bhealach ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath, nuair a phléasc an geaing an iarnród taobh thiar den teach feirme agus tháinig an traen chun stopadh.


    Choinnigh siad an tiománaí agus an criú traein faoi bhagairt.


    Chuaigh siad ar bord agus ghoid dhá chéad míle punt, tuairim ar milliún euro sa lá atá inniu ann.


    An rud a tharla ina dhiaidh sin áfach, ba chúis náire agus conspóide é don Stáit.


    Cúisíodh triúr fear as robáil nach raibh aon páirt acu ann agus maireann na hiarmhairtí go fóill d’Osgur Breathnach,do Nicky Kelly agus do Brian McNally.


    Ar Seachtain amharcann Íte Ní Chionnaith, iar-léachtóir iriseoireachta agus iar-bhall den IRSP, siar ar an chonspóid lena dearcadh féin a thabhairt ar an robáil agus ar an mhéid a thit amach ina dhiaidh.



    Foclóir:


    Faoi bhéal gunna: At gunpoint


    Ráiteas: Statement


    Pleascáin: Explosives


    Iomrall ceartais: Miscarriage of justice


    Gabh: Arrest


    Baill: Members


    Droch-íde: abuse or ill treatment


    Bagairt: Threat


    Seán: Deny


    Cuireadh iachall orthu: They were forced to


    Fianaise: Evidence


    An Chúirt Choiriúil Speisialta: The Special Criminal Court


    Éadóchasach: Hopeless


    In ainneoin: Despite


    Ciontach: Guilty


    D’éalaigh sé: He escaped


    Achomharc: Legal appeal


    Ciontú: Conviction


    Cuir ar neamhní: To quash


    Cúiseanna daonna: Humanitarian grounds

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    26 mins
  • Bánú na Gaeltachta: Where are all the Irish speakers?
    Mar 26 2026
    Tá go leor ceantar Gaeltachta ann atá ag streachailt go mór le bánú na tuaithe. Sin de réir gníomhaithe teanga atá sa tóir ar réiteach práinneach a rachaidh i ngleic leis an fhadhb. Dar leo, is é bánú na Gaeltachta mar gheall ar an easpa tithíochta, an ghéarchéim is mó a bhí ag an teanga riamh, ach ní ar thithíocht amháin atá an locht, dar leo, I measc na ndúshlán, tá cúrsaí imirce, infrastruchtúr, seirbhísí, fostaíocht agus áiseanna, agus tá siad ar fad nasctha ó thaobh thodhchaí na Gaeltachta de. Ach cad é an tionchar atá le feiceáil ar an talamh sna ceantair seo atá faoi bhrú maidir le saol an chultúir agus leis an spórt? Cad iad na baic is mó atá ag coinneáil cainteoirí Gaeilge atá ag lorg tí, lasmuigh den Ghaeltacht? Agus cén dóigh go bhfuil na pobail seo ag troid i gcoinne chreimeadh na tuaithe? Ar Seachtain, fiosraíonn Áine Ní Bhreisleáin an tionchar atá ag bánú na tuaithe ar an Ghaeltacht. Foclóir: Bánú: Depopulation Ceal: A lack of Gníomhaithe teanga: Language activists Tithíocht inacmhainne: Affordable housing Fostaíocht: Employment Níos fusa: Easier Faoin tuath: The country or rural area Éileamh: Demand Todhchaí: Future Luach: Value Forleathan: Widespread Go sonrach: Particularly Ar dualgas: On Duty Borradh: A boost or growth Creimeadh: Erosion I mbaol: In danger Scéim Scoláireachta: Scholarship Scheme An taoide a chasadh: To turn the tide Ag dul in éag: Becoming extinct Is annamh: Rarely Ionad Fiontraíochta: Enterprise centre Ar an imeall: On the egde Fite fuaite: Intertwined

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    25 mins
  • The Irish Hitlers: Paddy, Bridget agus uncail Adolf
    Mar 19 2026

    Is beag duine nár chuala trácht ar an sloinne Hitler, ná ar na himeachtaí uafásacha a tharla mar gheall ar Adolf Hitler. Seans nach bhfuil mórán fios ag an ghnáthdhuine ar na hÉireannaigh a bhí gaolta leis – na ‘Irish Hitlers’ mar a tugadh orthu. Mar sin de, cén ceangal a bhí ag Adolf Hitler leis an tír bheag seo ar imeall na hEorpa? Agus cad chuige a ndeachaigh Paddy Hitler chun cogaidh in aghaidh a uncail féin?



    Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Ciarán Dunbar


    Foclóir:



    Seafóideach: Daft


    Is annamh: Rarely


    Leathdheartháir: Half-brother


    Mion sónraí: minute details


    Tiománta: Determined


    Fuadach: Kidnap


    Maígh: Allege


    Fianaise Evidence


    Scian: Knife


    Ní nach ionadh: It’s no surprise


    Teacht i dtír: Take advantage of


    Namhaid: Enemy


    Gadaíocht: Thieving


    Spiaireachta: Spying


    Dul chun searbhais: To turn sour


    Bolscaireacht: Propaganda


    Sloinne: Surname

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    25 mins
  • An Ghaeltok: Béarlachas agus ‘pet peeves’ Laura Pakenham
    Mar 12 2026

    Tá Laura Pakenham ar dhuine de réaltaí móra na GaelTok-ta, an pobal úrnua sin de chainteoirí Gaeilge a bhíonn ag cruthú ábhar digiteach ar TikTok.


    Is as lár na tíre í Laura ó dhúchas, ceantar nach bhfuil cáil mhór air as an Ghaelscolaíocht, ach tá gairm cruthaithe aici anois as an teanga a chur chun cinn.


    Is múinteoir, craoltóir, cruthaitheoir ábhair ar na meáin sóisialta í agus anois, is údar í fosta.


    Tá leabhar úr scríofa aice, ‘Irish: History and Culture Through Language’.


    Is leabhar faoin Ghaeilge é, dírithe ar fhoghlaimeoirí, agus b’fhéidir a rá gur am tráthúil é dá leithéid, le borradh as cuimse tagtha ar an tsuim atá ann sa Ghaeilge le roinnt blianta anuas.


    Anuraidh, tháinig fás 600% ar úsáid na teanga ar TikTok agus tá an cuma air nach bhfuil sé sin ag laghdú i mbliana. Agus is léir nach in Éirinn amháin atá an suim sa teanga ag fás.


    Chuaigh leabhar Laura ar dhíol sna Stáit Aontaithe fiú sula raibh sé ar fáil anseo in Éirinn, agus tá sé anois ar fáil go domhanda.



    Ar Seachtain, labhraíonn Laura Pakenham faoina leabhar úr agus na míthuiscintí atá ann faoin Ghaeilge atá ina ‘pet peeve’s’ do Ghaelgeoirí.




    Foclóir:


    Borradh: Boom or explosion


    Teibí: Abstract


    Súigh isteach: Absorb


    Airím: I feel


    Achar ama: Time frame


    Fiúntach: Worthwhile


    Aistear: Journey


    Cinneadh: Decision


    Machnamh: Contemplation


    Ábhar: Content


    Éacht: Achievement


    Uathúil: Unique


    Easpa: A lack of


    Teangacha dúchasacha: Native languages


    Ábhar scoile: School subject


    Sáite: Immersed


    Leáigh: Melt


    Reoite: Frozen


    Diúltach: Negative


    Dearfach: Positive


    Is annamh: Seldom


    Dea-chleachtas: Good practice


    Bac: Block


    Cáin: Criticise


    Cothromaíocht: Balance


    Closleabhar: Audiobook

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    25 mins
  • Róisín Seoighe: ‘Tá mé oscailte do chomhoibriú le Fontaine’s D.C!’
    Mar 5 2026

    Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn arís ar feadh coicíse agus i mbliana tá an ceol i gcroílár an chéiliúradh.


    Is é téama na bliana seo ná ‘A Ghaeilge, mo cheol thú’, agus s’iad Róisín Seoighe, ball den ghrúpa ceoil IMLÉ, agus Conor Curley ón bhanna ceoil Fontaines D.C., ambasadóirí na féile.


    Tá dhá thuras ar leith ag an bheirt ambasadóir leis an teanga.


    Tógadh Róisín le Gaeilge i gcroílár na Gaeltachta agus cumann sí ceol nua-aimseartha ins an teanga, agus tá Conor anois ag iarraidh ath-thosú lena chuid aistir foghlamtha.


    Léiríonn téama na bliana seo an gaol láidir atá idir an Ghaeilge agus an ceol agus tá an teanga á úsáid ag Conor agus Róisín ina gcuid liricí.


    Tá sé coitianta anois do cheoltóirí móra le rá an Ghaeilge a fhigh isteach ina gcuid ceoil ceoltóirí ar nós CMAT, Fontaines D.C., Denise Chalia agus Kneecap.


    Ach cad é atá mar spreagadh ar an treocht seo?


    Ar Seachtain labhair Tessa Fleming le Róisín Seoighe, Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge, agus bean Gaeltachta go smior í, faoin fís atá aici don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.


    Foclóir:


    Ceol a chumadh: To compose music


    Faitíos: Apprehension


    Aistrigh: Translate


    Béim: Emphasis


    Eispéireas: Experience


    Céad cuimhní: First memories


    Nósanna: Traditions or customs


    Éalú uaigh: Escape from it


    Drogall: Hesitation


    Seanchas: Storytelling


    Ag casadh ceol: Playing music


    Camchuairt: A tour


    A scaradh: To seperate


    Dushlán: Challenge


    Iomráiteach: Prominent


    Slí bheatha: Career


    Figh: Weave

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    24 mins
  • 'An ghéarchéim thithíochta ag dul in olcas sa Ghaeltacht'
    Mar 4 2026
    Chruinnigh scaifte taobh amuigh de Theacht Laighean i mBAC Dé Máirt na seachtaine seo agus iad ag ágóidíocht de bharr fadhb thithíocht na Gaeltachta. Bhí an lucht agóide ag éileamh ar an Aire Tithíochta James Browne dul i mbun gnímh láithreach maidir leis an ghéarchéim thithíochta agus teanga sa Ghaeltacht. Tá sé acu go bhfuil an ghéarchéim thithíochta ag dul in olcas agus tá muintir na Gaeltachta buailte go dona leis. Labhair Áine Ní Bhreisleáin le Seachtain faoin léirsiú.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    16 mins
  • Éire Aontaithe: Would it demote or promote our national language?
    Feb 26 2026

    Tá an t-oileán beag seo ag athrú ar go leor, leor bealaí - ó thaobh na polaitíochta de, ó thaobh an chultúir de agus ó thaobh ár bhféiniúlachta de.


    Agus leis na hathruithe sin, tá díospóireacht ag teacht chun cinn arís is arís eile, is é sin, reifreann faoin teorainn agus faoi Éire Aontaithe.


    Ach cé comh réadúil is atá an fís sin maidir le hÉire Aontaithe?


    Ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste ar na mallaibh, ghlac an eagraíocht le rún ar son ghníomhú i dtreo “Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta”.


    Ach le conspóid agus le teannas go minic ina scáil ar aon díospóireacht pholaitiúil faoin nGaeilge – go háirithe ó thuaidh - an bhfuil baol an go dtiocfadh ísliú stádais ar an teanga in Éire Ath-Aontaithe?


    Agus í ag taifeadadh beo ag an Ard Feis, phléigh Áine Ní Bhreisleáin taighde úr ar thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta in Éirinn Aontaithe leis an údar Róisín Nic Liam (scoláire dochtúireachta PhD in Ollscoil na Banríona), agus le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin.



    Foclóir:


    Ag bailiú nirt: Gaining momentum


    Dlús: Accerlate or to hasten


    Is mithid dúinn: It’s time for us


    Claochlaitheach: Transformative


    Ionchur: Input


    Claonadh: Bias


    Ag amharc go cúng: Looking narrowly


    Rúin: Motions


    Críochdheighilt: Partition


    Ualach: Burden


    Deis chneasaithe: Opportunity for healing


    Uirlis dheighilte: A tool of separation


    Dlínse: Jurisdiction


    Fréamhaithe: Rooted


    Toil: Desire or will


    Ionchas: Expectation


    Creatlach: Framework


    Idirbheartaíocht: Negotiation


    Rinneadh muid talamh slán daofa: We took them for granted


    Samhail: Model


    Am-scála: Time frame


    Aineolach: Uninformed or ignorant


    Géilleadh: Surrender


    Soiléireacht: Clarity


    An cheist a chíoradh: To discuss the issue


    Beidh seo ar leas..: This will benefit..


    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    25 mins
  • The Donegal disconnect: Gan traein, gan mótarbhealach agus anois gan an midday flight
    Feb 18 2026

    Do phobal iargúlta ar chósta thiar thuaidh na tíre, tá an tseirbhís aeir go Baile Átha Cliath riachtanach.


    I nDún na nGall, áit nach bhfuil iarnród ná mótarbhealach ar bith ann, tá go leor daoine ag brath ar an aerfort le dul go dtí an phríomhchathair.


    Tá an sceideal eitilte mar a bhí ag athrú anois áfach.


    Agus leis an athrú sin, tá míshástacht, imní agus fearg ag fás.


    Fógraíodh seachtain ó shin go raibh conradh úr PSO sínithe ag an Roinn Iompair le comhlacht eitlíochta.


    De réir an amchlár nua, tiocfaidh deireadh le heitiltí fillte i lár an lae idir an dá aerfort.


    De réir lucht feachtais ar son chúram ailse, beidh tionchar diúltach ag an sceideal úr ar na céadta duine atá ag fáil cóir leigheas i mBaile Átha Cliath.


    Mar sin de, cad é an chúis taobh thiar den athrú amchláir seo?


    Agus cad é an chéad chéim eile don phobal nach bhfuil sásta glacadh leis?


    Ar Seachtain, ;abhair Áine Ní Bhreisleáin faoin fhearg atá ar an phobal áitiúil i nDún na nGall de bharr na n-athruithe atá le teacht.


    Foclóir:


    Eitiltí fillte: Return flights


    Mí-bhuntáiste eacnamúil: Economic disadvantage


    Raflaí: Rumours


    Ag reachtáil: Running/Organise


    Tairiscint: A tender


    Ailse: Cancer


    Ag fulaingt: Suffering


    Corruair: Sometimes


    Otharlann: Hospital


    Tromchúiseach: Grave


    Cóir leighis: Medical treatment


    Galar croí: Heart disease


    Imirce: Emigration


    Infheistíocht: Investment


    Le bheith ar an ghannchuid: To be short on something


    Feiliúnach: Suitable


    Ciall tráchtála: Commercial sense


    Brabús: Profit


    Éileamh: Demand


    Do Ladar a chur isteach i rud: To weigh in on something or to meddle


    Folamh: Empty

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    Show More Show Less
    20 mins