Learn Irish with daily podcasts cover art

Learn Irish with daily podcasts

Learn Irish with daily podcasts

By: V H
Listen for free

About this listen

Short sentences with English translations
Episodes
  • 20260406_IRISH__an_file_gabriel_rosenstock_basaithe
    Apr 7 2026
    Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/252unhu8 Contact: irishlingos@gmail.com Poet Gabriel Rosenstock has died. An file Gabriel Rosenstock básaithe. Poet and writer Gabriel Rosenstock has died at the age of 76. Tá an file agus scríbhneoir Gabriel Rosenstock tar éis bháis agus é 76 bliain d’aois. His family confirmed his death this evening in a statement about “an international poet who brought many of the world’s great writers to the attention of Irish language readers“. A chlann a dheimhnigh a bhás tráthnóna i ráiteas faoi “fhile idirnáisiúnta a chuir go leor de mhórscríbhneoirí na cruinne faoi shúile lucht léitheoireachta na Gaeilge”. He believed “in the power of poetry” they said “and in the ability of poetry to build bridges between cultures”. Chreid sé “i gcumhacht na filíochta” a dúirt siad “agus i gcumas na filíochta droichead a thógáil idir cultúir”. “He was a prolific and restless soul who published over 400 books.” “Anam torthúil agus corrach a bhí aige a d’fhoilsigh breis is 400 leabhar. We will miss him, all of us who knew him and read his writing. Aireoidh muid uainn é, iad siúd go léir a raibh aithne againn air agus a léigh a chuid scríbhneoireachta. “At the right hand of God, may his soul rest in peace.” Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.” Gabriel Rosenstock spoke for several weeks to the Irish Independent and Raidió na Gaeltachta – speaking with his broadcaster son Tristan on the programme “The Man Who Was Never Born” – about his cancer which had spread, the treatment which was no longer working and his acceptance before his death. Labhair Gabriel Rosenstock le roinnt seachtainí leis an Irish Independent agus le Raidió na Gaeltachta – ag caint lena mhac an craoltóir Tristan ar an gclár “An fear nár saolaíodh riamh” – faoin ailse a bhí air a bhí tar éis scaipeadh, faoin leigheas nach raibh ag feidhmiú a thuilleadh agus faoina nglacadh a bhí aige roimh an mbás. He was keeping a diary about his time with the illness and his attitude towards it. Bhí sé i mbun dialainne faoina thréimhse leis an tinneas agus a dhearcadh ina leith. He spoke courageously to Nuacht TG4 a few days before his death, looking back on his life and forward to eternity. Labhair sé go misniúil le Nuacht TG4 cúpla lá sular cailleadh é, ag breathnú siar ar a shaol agus chun cinn chun na síoraíochta. He was born in Kilfinane in Co. Limerick. I gCill Fhíonáin i gCo Luimnigh a rugadh é. His mother was a nurse from Athenry in Co. Galway, and his father was a doctor and writer from Germany. Altra as Baile Átha an Rí i gCo na Gaillimhe a bhí ina mháthair, agus dochtúir agus scríbhneoir as an nGearmáin a bhí ina athair. He first achieved fame at University College Cork, in the Innti group of poets, which also included Michael Davitt, Liam Ó Muirthile and Nuala Ní Dhomhnaill. I gColáiste na hOllscoile Corcaigh a bhain sé cáil amach ar dtús, sa ngrúpa filí Innti, ina raibh Michael Davitt, Liam Ó Muirthile agus Nuala Ní Dhomhnaill freisin. He was a member of Aosdána and a former Chairman of Poetry Ireland/Éigse Éireann. Ball d’Aosdána a bhí ann agus iarChathaoirleach ar Poetry Ireland/Éigse Éireann. He wrote poetry, drama, haiku, novels, essays and translated over 180 works. Thug sé faoin bhfilíocht, drámaíocht, haiku, úrscéalta, aistí agus aistriúchán ar bhreis is 180 saothar. He is survived by his wife Eithne and their children. Maireann a bhean Eithne agus a gclann. Gabriel Rosenstock in 2021 Gabriel Rosenstock i 2021
    Show More Show Less
    11 mins
  • 20260404_IRISH__trump_ag_bagairt_an_iarain_a_chlochaoisiu_le_buamai
    Apr 4 2026
    Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/2crqp59b Contact: irishlingos@gmail.com Trump threatens to bomb Iran. Trump ag bagairt an Iaráin a chlochaoisiú le buamaí. In a televised speech last night, US President Donald Trump claimed that American military forces in Iran had almost achieved all of their objectives. In óráid teilifíse a thug sé uaidh aréir, mhaígh Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go raibh a gcuid cuspóirí ar fad nach mór bainte amach ag fórsaí míleata Mheiriceá san Iaráin. Nevertheless, Trump said, the Americans will continue to bomb and destroy Iran until that country is “back in the stone age again”, as he put it. Ina dhiaidh sin féin, arsa Trump, leanfaidh na Meiriceánaigh orthu ag buamáil agus ag bánú na hIaráine nó go mbeidh an tír sin “ar ais sa chlochaois arís”, mar a dúirt sé. He indeed threatened that the bombing would intensify in the next two or three weeks. Bhagair sé go deimhin go ngéarófaí ar an mbuamáil as seo go ceann coicíse nó trí seachtaine. All that offensive rhetoric from Trump despite the fact that the American people – or at least a large portion of them – are sick and tired of his proclivity for war, if the latest polls are true. An rá mata oilbhéasach sin ar fad ó Trump in ainneoin bhunáite mhuintir Mheiriceá – nó cuid mhór díobh ar an gcuid is lú de – a bheith tinn tuirseach den luiteacht atá aige le cogaíocht, más fíor do na pobalbhreitheanna is deireanaí. A card game is Trump’s favorite game, apparently, or at least the one he talks about most often. Cluiche cártaí an tsamhail is ansa le Trump, de réir dealraimh, nó is minice óna bhéal ar chuma ar bith. “We have all the cards“, he said last night, “and none of them (the Iranians)”. “Is againne atá na cártaí uile“, a dúirt sé aréir, “agus gan oiread agus ceann acusan (na hIaránaigh)”. However, international markets have turned a blind eye to Trump’s remarks and have not respected his own ‘one Trump’, as Brent crude oil prices rose to $108.15 a barrel this morning – a 7% increase from yesterday. Ar a shon sin, is ‘súil na muice’ a chaith lucht na margaí idirnáisiúnta ar reacaireacht Trump agus gan meas ‘an aoin truif’ féin acu ar a ndúirt sé, arae dhaoirsigh amhola Brent go dtí $108.15 an bairille ar maidin inniu – ardú de 7 faoin gcéad ó inné. But like financiers, Taoiseach Micheál Martin has no respect for Trump’s negative rhetoric, especially what he said about re-stoning Iran with bombs. Ach an oiread le lucht airgeadais, níl aon mheas ag an Taoiseach Micheál Martin ar chaint dhíblí Trump, go háirithe a ndúirt sé faoin Iaráin a ath-chlochaoisiú le buamaí. “Such talk is unacceptable,” said the Taoiseach. Níl glacadh ar bith le caint mar é, arsa an Taoiseach. The Iranian people are not responsible for the war and must be protected (rather than vilified), he said. Níl muintir na hIaráine freagrach as an gcogadh agus caithfear iad a chosaint (seachas iad a dhealbhú), a dúirt sé. The Taoiseach also indicated that the Government was not considering rationing fuel in Ireland – at least not at this time – and said that our current fuel supplies were projected to last a month. Thug an Taoiseach le fios freisin nach raibh an Rialtas ag cuimhneamh ar bhreosla a chiondáil in Éirinn – ar ala na huaire seo ar aon chuma – agus dúirt go raibh teilgean míosa sna soláthairtí breosla atá againn faoi láthair. However, he assured that the Government would support those most at risk, hauliers and all other links in the food supply chain. Mar sin féin, dhearbhaigh sé go dtacódh an Rialtas le lucht an chaill is mó, tarlóirí agus gach aon saghas lúib eile sa slabhra soláthair bia. RTÉ News and Current Affairs Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ
    Show More Show Less
    11 mins
  • 20260317_IRISH__an_iarain_a_slacairt_an_athuair_ag_forsai_iosrael
    Mar 17 2026
    Original Podcast with clickable words https://tinyurl.com/27q6mz22 Contact: irishlingos@gmail.com Iran is being crushed again by Israeli forces. An Iaráin á slacairt an athuair ag fórsaí Iosrael. Israeli military forces are clearly not resting on their laurels, as they are carrying out another massive raid this morning on the Iranian capital, Tehran, after suffocating the place overnight. Níl suí ná foras ar fhórsaí míleata Iosrael, is léir, agus iad ag tabhairt ollruathair arís ar maidin ar phríomhchathair na hIaráine, Tehran, tar éis dóibh an áit a shlacairt i gcaitheamh na hoíche. There is no word yet on the dead but it is assumed that scores of them are there. Níl aon chaint fós ar na mairbh ach glactar leis go bhfuil na scórtha acu ann. Two other cities – Shiraz in southern Iran and Tabriz in the northwest – have also been bombarded by the Israelis since morning. Dhá chathair eile – Shiraz i ndeisceart na hIaráine agus Tabriz san iarthuaisceart – tá siad á dtuairgneáil ag na hIosraelaigh ó mhaidin chomh maith. It is not a time of neglect or delay for the Israelis in Lebanon either, and it is reported that they are once again bombing villages in the south of that country. Ní tráth faillí ná moille ag na hIosraelaigh é sa Liobáin ach an oiread, agus tuairiscítear go bhfuil sráidbhailte i ndeisceart na tíre sin á mbuamáil acu arís. The Israeli army says it is also fighting Hezbollah on the ground. Deir arm Iosrael go bhfuil siad ag dul i ngleic le Hezbollah ar an talamh freisin. It appears that Iranian military forces fired an explosive drone at Dubai airport this morning, hitting a large fuel tank. Is cosúil gur scaoil fórsaí míleata na hIaráine drón pléascach le haerfort Dubai ar maidin agus gur buaileadh mórumar breosla ann. Smoke is rising from the tank but it doesn’t appear to be affecting flights at the airport much. Tá deatach ag éirí as an umar ach dealraíonn sé nach bhfuil sé ag cur isteach mórán ar eitiltí san aerfort. Military authorities in the United Arab Emirates say they have been diverting or shooting down dozens of Iranian drones since morning. Deir na húdaráis mhíleata in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha go bhfuil na scórtha drón ón Iaráin á gcur malairt riain acu nó á séideadh san aer acu ó mhaidin. Not to mention the destruction and killing, the economic toll of unrest is affecting countries around the world, including, what else, the countries that are waging war on Iran. Gan trácht ar an scrios agus an marú, tá deasca eacnamaíochta na corraíola ag cur isteach ar thíortha an domhain, lena n-áirítear, cad eile, na tíortha atá ag cur an chogaidh ar an Iaráin. The most pressing issue for them at the moment is the unhindered passage of oil and gas tankers through the Strait of Hamuz in southern Iran, while the Iranians still have some control over that neck of water. Tancaeir ola agus gáis a sheoladh saor ó bhuaireamh trí Chaolas Hamuz i ndeisceart na hIaráine is mó atá ag déanamh scime dóibh i láthair na huaire agus smacht áirithe go fóill ag na hIaránaigh ar an muinceann uisce sin. The European Union’s foreign affairs and security chief, Kaja Kallas of Estonia, indicated that EU naval ships might be sent to the region to pressure the Iranians to allow fuel tankers through. Ceannasaí gnóthaí eachtracha agus slándála an Aontais Eorpaigh, Kaja Kallas as an Eastóin, thug sí le fios go mb’fhéidir go seolfaí longa cabhlaigh ón Aontas chuig an réigiún chun brú a chur ar na hIaránaigh tancaeir bhreosla a ligean tríd. It seems that Denmark is in favor of that. Dealraíonn sé go bhfuil an Danmhairg ina fhabhar sin. Yes, and Britain – a former member state – but Germany is adamant about it. Tá, agus an Bhreatain – iar–bhallstát – ach tá an Ghearmáin patuar ina leith. The foreign ministers of the member states will discuss the matter today, Kallas said. Pléifidh airí gnóthaí eachtracha na mballstát an scéal inniu, a dúirt Kallas. It is unclear what exactly the European naval ships would do in that part of the Persian Gulf, but British Prime Minister Keir Starmer suggested that a threatening nod to the Iranians might be enough. Níl sé soiléir cad go baileach a dhéanfadh na longa cabhlaigh ón Eoraip sa chuid sin de Mhurascaill na Peirse ach thug Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer le tuiscint go mb’fhéidir go mba leor nod bagrach do na heolaigh san Iaráin. All this in light of demands from US President Donald Trump that other countries come to the aid of the Americans in the Strait of Hormuz to ensure that tankers are allowed to enter and exit again. É sin ar fad i bhfianaise éileamh ó Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump go dtiocfadh tíortha eile i gcabhair ar na Meiriceánaigh i gCaolas Hormuz chun a chinntiú go mbeadh cead isteach ann agus cead amach as an athuair ag tancaeir. It is through this strait that a fifth of the ...
    Show More Show Less
    16 mins
All stars
Most relevant
Both English and Irish text included. Slow speed with English, slow speed without English, normal speed.

Text included

Something went wrong. Please try again in a few minutes.

Absolute rubbish. You won’t learn Irish from this podcast. Just a series of random statements from current affairs ( which won’t be current anymore). Might be useful if you already speak Irish and want to practice listening skills if you can stand the painful speech. Otherwise avoid.

Appalling - Don’t bother

Something went wrong. Please try again in a few minutes.